Callout for workshops, talks & activities for Climate Camp 2023

Climate Camp 2023 – Call for Submissions

This year’s camp will be held in Manorhamilton, Co Leitrim from 9th-13th August. We want your help to fill our Climate Camp 2023 programme with inspiring and impactful events! It is our hope that these education spaces will allow activists and groups from across Ireland and beyond to come together to share our collective knowledge and understanding – to help us build stronger movements of resistance. Some broad themes covered in last year’s workshops and activities included (but are not limited to): Effective climate activism; our relationship with nature and the land; migrant solidarity; abolition; bodywork; many other amazing and important themes.

Want to host a space at the camp?

Please fill in the following submission form: https://forms.gle/iMRc2BFRF5U5MLpQ8

We hope to be able to ensure that money won’t be a barrier to anyone hoping to travel to camp and run a workshop/activity. If you are concerned that financial barriers may be of concern to you or your group, please let us know as soon as possible. If you have any other queries, please contact the Programme Team at climatecampireland@gmail.com, using the subject line “CC 2023 Submissions”. We look forward to hearing from you!

What is Climate Camp?

Climate camp is a welcoming and family-friendly safe space, co-created by activists from across Ireland, as well as local campaigners and international friends.
We want to create a model of the society that we want to see beyond capitalism. We know that we can’t solve the climate crisis while still living under a capitalist system.

This year’s camp will be based in north Co. Leitrim (7th-13th August 2023), where there is a lot of very important work being carried out by local groups on a variety of issues such as combatting mining, gas exploration, deforestation, and the catastrophic intensive planting of non-native trees.

We have three main aims for the camp and our work beyond:

  • To create spaces for radical education, for ourselves and our wider communities
  • To build an active and radical climate movement across the island of Ireland
  • To act to end capitalist control of people and the earth

Tusa atá uainn ag Campa Aeráide 2023!

Beidh an campa lonnaithe i dtuaisceart Chontae Liatroma i mbliana (9ú-13ú Lúnasa 2023) agus tá do chuidiú ag teastáil uainn lenár gclár a líonadh le himeachtaí spreagúla cumhachtacha!

Tá súil againn go dtabharfaidh na spásanna oideachais seo deis do ghníomhaithe agus do ghrúpaí ó gach cearn den tír agus den domhan teacht le chéile chun ár n-eolas agus ár dtuiscint comhchoitinn a roinnt, chun ligean dúinn gluaiseachtaí frithbheartaíochta níos láidre a thógáil.

Is iad na nithe seo a leanas cuid de na téamaí clúdaithe i gceardlanna anuraidh (chomh maith le neart eile): gníomhaíochas aeráide éifeachtach; ár gcaidreamh leis an dúlra agus an talamh; dlúthpháirtíocht le himircigh; cealú; obair choirp; agus cuid mhór téamaí iontacha agus tábhachtacha eile.

Ar mhaith leat féin spás a óstáil ag an champa i mbliana?

Seol aighneacht chugainn leis na sonraí seo a leanas, le do thoil:

  • Cur síos ar d’imeacht/ceardlann
  • Blurba molta fá choinne ár gcumarsáide (abairt ghonta amháin)
  • Riachtanais theicniúla (teilgeoir; smeach-chairt; agus mar sin de)
  • Riachtanais spáis (spás le bogadh thart; suíocháin; spás faoin spéir; teorainn toillte; srl.)
  • Fad (beidh teorainn thart fá 2 uair ar gach seisiún)

Spriocdháta d’aighneachtaí: Aoine 2ú Meitheamh 2023

Tá súil againn bheith in ann cinntiú nach mbeidh airgead ina chonstaic ar aon duine ag iarraidh teacht go dtí an campa agus imeacht/ceardlann a reáchtáil. Má tá imní ort go mbeidh constaicí airgeadais ina bhfadhb duit féin nó do do ghrúpa, cuir ar an eolas muid chomh luath agus is féidir, le do thoil. Má tá ceist ar bith agat, nó má tá tú ag iarraidh aighneacht a chur isteach, téigh i dteagmháil leis an Mheitheal Chláir ag climatecampireland@gmail.com, leis an ábhar “CA 2023 Aighneachtaí”, le do thoil. Tá muid ag dúil go mór le héisteacht uait!

Cad é Campa Aeráide?

Is spás fáilteach, oiriúnach do theaghlaigh é Campa Aeráide, comhchruthaithe ag gníomhaithe ó gach cearn den tír, in éineacht le feachtasóirí logánta agus cairde idirnáisiúnta. Tá mar aidhm againn múnla a chruthú den tsochaí a ba mhaith linn a fheiceáil lasmuigh den chaipitleachas. Tuigimid nach féidir linn géarchéim na haeráide a réiteach agus muid fós ag maireachtáil faoi chóras an chaipitleachais.

Beidh an campa lonnaithe i dtuaisceart Chontae Liatroma i mbliana (9ú-13ú Lúnasa 2023), áit a bhfuil cuid mhaith oibre rí-thábhachtaigh á déanamh ag grúpaí áitiúla ar réimse ceisteanna, amhail an troid i gcoinne mianadóireachta, taiscéalaíocht gáis, dífhoraoisithe, agus plandú rídhíobhálach crann neamhdhúchasach.

Tá trí phríomhsprioc againn fá choinne an champa agus ár n-oibre ina dhiaidh:

  • Spásanna a chruthú fá choinne oideachais radacaigh, ar ár son agus ar son ár bpobail
  • Gluaiseacht aeráide ghníomhach agus radacach a thógáil fud fad oileán na hÉireann
  • Gníomhú chun críoch a chur le smacht an chaipitleachais ar dhaoine agus ar an domhan